texts

Cad iad na Snáitheanna atá i gCuraclam Matamaitice na Bunscoile? Baineann na Snáitheanna leis na príomhréimsí foghlama sa mhatamaitic.  Tá cúig Shnáithe i gCuraclam Matamaitice na Bunscoile: Ailgéabar, Sonraí agus Seansúlacht, Tomhais,Uimhreas, agus Cruth agus Spás. Ní réimsí foghlama scoite iad na Snáithe; idirghníomhaíonn siad agus nascann siad le heispéireas foghlama an pháiste.  Tá sé tábhachtach go dtuigeann múinteoirí an chaoi a bhfuil na Snáitheanna nasctha le chéile, chun tacú le páistí ciall a bhaint as a bhfoghlaim.